Luke 10

1Agus na dhiaigh so dórduigh an Tighearna mar an gcéadna deithneabhar agus trí fichid eile, agus do chuir sé na ndís agus na ndís roimhe féin iád dá gach uile chathruigh agus ionnad, ann a raíbh a theachd féin. 2Ar a nadhbharsin a dabhairt sé ríu, Is mór an foghmhar, achd is beag an luchd oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhoghmhuir, luchd oibre do chur amach chum a fhóghmhair. 3Imthighidh: féuch, ataimse dá bhur gcur úaim mar úana a measg mhadradh allta. 4Ná hiomchruidh sbarán, na tiach loín ná bróga: agus ná beannaighidh do neach ar bith sa tslighe. 5Agus gidh bé tigh iona rachtáoi a sdeach, abruidh ar tús, Go raibh sióthcháin don tighse. 6Agus má bhionn Mac na sióthchána annsin, do dhéannidh bhur sióthcháinsi comhnnighe air: achd muna raibh, fillfidh sí chugaibh féin a rís. 7Agus fanaidh an sa tighsin, ag ithe agus ag ól na neitheann atá aca: óir is fiú an toibrigh a thuárasdal. Ná himighidh ó thigh go tigh. 8Agus gidh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus go ngéubhaid siád sibh, ithidh na neithe chuirid siád ann bhur bhfiadhuisi: 9Agus slánaghaidh na heaslaín bhias innte, agus abruidh riú, Do dhruid rioghachd Dé ribh. 10Agus gibh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus nach génbhuid siád sibh, ar nimtheachd dáoibh amach ar na sraídibh, abruidh, 11Craithmíd dhínn bhur naghaidh, go fiú an luaithridh do lean dínn, as bhur gcathruigh: achd cheana bíodh a fhios so aguibh, gur dhruid rioghachd Dé ribh. 12Agus a deirím bhur ribh, Go madh socamhluighe do na Sodomachaibh an lá úd, ná don chathraighsin.

13¶ Is anáoibhinn duit, a Chorásin! as anáoibhinn duit, a Bhetsáida! oir dá madh a Dtírus agus a Sídon, do dhéantáoi na miorbhuile do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó da dhéanaidís aithrighe, na suidhe a néadach roín agus a luaithreagh. 14Ar a nadhbharsin budh socamhluighe do Thírus agus do Shídon ann sa bhreitheamhnus, na dháoibhsi. 15Agus tusa, a Chapernáum, atá ar do thógbháil súas go neamh, teilgfidhthear siós go hifearnn thú. 16Gibh bé éisdeas ribhsi is riomso éisdeas sé; agus gibh bé bheir neimhchion oruibhsi, is oramsa do bheir sé neimhchion; agus gibh bé bheir neimhchion oramsa is ar an té do chuir úadh mé do bheir sé neimhchion.

17¶ Agus do fhilleadar an deithneabhar agus trí fichid maille lé gáirdeachas, ag rádh, A Thighearna, ataíd na deamhuin féin fá smachd aguinne tréd ainmsi. 18Agus a dubhairt sesion riu, Do chonnairc mé Sátan marr theinnteach ag tuitim ó neamh. 19Fénch do bheirim dhíbh cumhachda saltairt air na haithreachaibh nimhe agus ar na scorpiónuibh, agus ar uile neart namhad: agus ní ghoirteochaid éin ní sibh. 20Achd cheana na bíodh gáirdeachas oraibh, ar son go bhfuilid na spioraididhe fá bhur smachd; achd go madh mó bhiás gairdeachas oruibh fá go bhfuilid bhur nanmanna sgríobhtha ar neamh.

21¶ Ar a núairsion do ghabh gáirdeachas iona spioraid Iósa, agus a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas duit a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, trí gur fholuigh tú na neithesi ó dháonibh eagnuidhe agus glioca, agus gur nochd tú iad do naoidheanánuibh: a seadh, a Athair; tré gur ab mar sin do budh toil leachd féin é. 22Atáid na huile neithe ar na dtabhairt dhanhsa óm Athair: agus ní bhfuil a fhios ag éinneach ciá hé an Mac, achd ag a Nathair; agus ciá hé an Tathair, achd ag an Mac, agus an té dá dtiúbhradh an Mac a nochdughadh.

23¶ Agus ar bhfilleadh chum a dheiscíobal, a dubhairt sé fá leith riú, is beannaighthe na súile do chí na neithe do chithísi: 24Oír a deirim ribh, Gur ab iomdha fáighe agus righthe lér mhián na neithe do chithisi dfaicsin, agus ní fhacadar: agus na neithe do chluintí do chluinsin, agus ní chúaladar.

25¶ Agus féuch, déirigh fear dlighe áirighe na sheasamh, ag cur chathaighthe airsion, agus ag rádh, A Mhaighhisdir, créd do dhéana mé ionnus go bhfuighinn an bheatha mharthannach doighreachd ? 26Achd a dubhairt seision ris, Créd a tá sgríobhtha ann sa dligheadh? Cionnas léaghas tú? 27Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Gráidheochuidh tú do Thighearna Dia as do chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh uile, agus as da smúaintighthibh uile; agus do comharsa mar thu féin. 28Agus a dubhairt seision ris, As díreach do fhreagair tú: déanasa so, agus mairfidh tú. 29Achd ar mbeith dhósan, funnmhar ó a fhiréantachd féin da thaisbéanadh, a dubhairt sé re Híosa, Maseadh ciá hé mo chomharsa? 30Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé, Do chúaidh duine áirighe siós ó lérusalem go Iérico, agus tárla a measg bhiothamhnach é, do shlad e, agus do loit é, agus do imthigh rompa, ar na fhagbháil leathmharbh. 31Agus tárla tré chinneamhain gur ghabh sagart áirighe síos sa tslighe sin: agus ar na fhaicsinsion dó, do ghabh sé thairis don táobh eile don tslighe. 32Agus mar an gcéadna Lebhita, a teachd chum a nionaid sin, ar na fhaicsin dó, do ghábh sé tháiris don táobh eile. 33Agus ar mbeith ag gabháil na sligheadh, do Shamaritánach áirighe, tháinic sé mar a raibh seision: agus ar na fhaicsin, do ghabh truáighe ghér dhó é 34Agus ar ndrud ris, do cheangail sé a chneadha, ag dortadh ola agus fióna ionnta, agus ar na chuir air a ainmhidhe féin dó, rug sé leis go tigh ósda é, agus do ghabh sé cúram na thimcheall. 35Agus ag imtheachd dó lá ar na mhárach, do bhean sé dhá phighinn amach agus tug sé don ósdóir iád, agus a dubhairt sé ris, Bíodh cúram agad fan fhearso; agus gibh bé chaithfeas tú as a chionn so, an tráth fhillfeadsa, do bhéara me dhuit é. 36A nois cía don triúrsa, bhreathnaigheas tusa, do bheith na chomharsain ag an tí úd thárla a measg na mbiothamhnach? 37Agus a dubhairt seísion, An tí ud do rinne trocaire air, Ar a nadhbhasin a dubhairt Iósa ris, Imthighsi agus déana mar an gcéadna.

38¶ Agus tárla, ag imtheachd dóibh, go ndeachaidh seision go baile áirighe: agus go rug bean áirighe dar bhaimn Martá dá tigh fein é. 39Agus do bhí deirbhshiúr aicesi dá ngoirthí Muire, agus ar suidhe dhi ag cosaibh Iosa, do bhí si ag éisdeachd lé na bhríathraibh. 40Agus do bhí Martá lán do chúram lé hiomad friotholuimh, agus a dubhairt sí, A Thighearna, an é nach meisde leachd mar dfág mo dheirbhshiúr misi am áonar ag friotholamb ar a nadhbharsin abair riá cungnamh riom. 41Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ría, A Mhartá, a Mhartá, atá tú ro chúramach agus buaidhridh tú thú féin fá mhóran do neithibh: 42Achd cheana ein ní a mhaín atá riachdanach: rug Muire an chuid mhaith do roghain, nach béarthar uáithe.

Copyright information for IriODomhnuill